Comhar
18/05/2026
🥁LEABHAR ÚRNUA/BRAND NEW BOOK🔥
🐝Ag teacht Meitheamh 2026
Arriving June 2026🏝️
💓Seo chugaibh Inis Mara 3, an tríú leabhar sa tsraith móréilimh Inis Mara le Tristan Rosenstock, maisithe ag Mark WIckham.
Tá naimhde gránna Inis Mara, an Santóir agus Smugairle Rónán, ar ais arís agus plean nua acu chun éirí níos saibhre ná riamh. Ach is iad muintir Inis Mara - agus an t-oileán féin - a íocfaidh go daor as. Cuireann an damáiste a chruthaíonn siad saol an oileáin i gcruachás uafásach. Buaileann stoirmeacha láidre an t-oileán níos minice agus níos fíochmhaire mar thoradh ar an athrú aeráide. Agus nuair a thagann laghdú ar líon na mbeach ar an oileán de bharr phleananna na mbithiúnach, is i bhfad in olcas a théann an scéal.
Ní raibh muintir Inis Mara i mbaol chomh huafásach go dtí seo - ach ar sheachain a laoch óg Éabha dúshlán riamh?
🛒Réamhordaigh anois: https://comhar.ie/leabhair/inis-mara-3/
💓Introducing Inis Mara 3, the third book in the popular Inis Mara series written by Tristan Rosenstock, illustrated by Mark Wickham.
Inis Mara's worst enemies, an Santóir and Smugairle Rónán, are back with a plan to get richer than they ever imagined. But the damage they cause will put the people of Inis Mara - and the island itself - in huge danger. Storms begin to pound the island with increased frequency and strength as a result of climate change. And when a new addition to Inis Mara causes a decline in the bee population, a devastating chain of events unfolds.
The people of Inis Mara face their greatest threat yet - but has their young hero Éabha ever avoided a challenge?
🛒Pre-order now: https://comhar.ie/leabhair/inis-mara-3/
Foras na Gaeilge
Love Leabhar Gaeilge
The Arts Council / An Chomhairle Ealaíon
COGG
Publishing Ireland
Children's Books Ireland
27/04/2026
Cuireadh fáilte mhór romhainn i mBéal Feirste ag an deireadh seachtaine agus clabhsúr á chur againn leis na himeachtaí COMHAR-RÁ beo do 2026.
Buíochas ó chroí le Réaltán Ní Leannáin agus le Róise Ní Bhaoill as an bplé spreagúil, agus leis an lucht freastail a tháinig amach ar thráthnóna álainn earraigh ☀️
Click here to claim your Sponsored Listing.
Category
Website
Address
47 Harrington Street
Dublin